Bronnadh Ghlór na nGael 2016 - Cumann Forbartha Chois Fharraige
Duaiseanna Ghlór na nGael Bronnta - Agallamh le Máirín Mhic Lochlainn agus le Donncha Ó hÉallaithe - Cumann Forbartha Chois Fharraige, Gaillimh
Bhronn Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn na duaiseanna i gComórtas Ghlór na nGael in Óstán Carton House, Maigh Nuad oíche Shathairn. B’iad Cumann Forbartha Chois Fharraige, Gaillimh a thug príomhdhuais Ghlór na nGael ina bhaile leo agus seic le haghaidh €20,000. Duaischiste de luach €80,000 ina iomlán a bronnadh ag ócáid bhliantúil Ghlór na nGael ar choistí pobail, clubanna CLG agus cumainn 3ú leibhéal as sárobair i gcur chun cinn na Gaeilge de.
Bronnadh mórdhuaiseanna eile ar Glór Cheatharlach, Glór na Móna, Béal Feirste agus Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire agus ba iad CLG Na Piarsaigh, Ros Muc i gContae na Gaillimhe a thug an duais CLG ina bhaile leo.
Bronnadh an gradam speisialta, Gradam Ghlór na nGael ar theaghlach Shéamuis Mhic Géidigh as ucht a obair chraoltóireachta agus a ról i gcúrsaí forbartha pobail.
Chomh maith leis an Uachtarán, bhí urraitheoirí ó go leor eagras i láthair, Foras na Gaeilge agus Údarás an Gaeltachta ina measc.
Líosta iomlán de dhuaiseanna:
Príomhdhuais Ghlór na nGael: Cumann Forbartha Chois Fharraige
Duaiseanna Speisialta (urraithe)
Duais Ógras €700 Cumann Gaelach Leath Chathail, Co. an Dúin
Duais Chonradh na Gaeilge €1,000 Craobh Mhaigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
Duais an Fhorais Pátrúnachta €1,000 Gaeil Chill Dara
Duais an Fháinne (Gael Linn) Dearbhán €1,000 Bóirche Íochtar, Co. an Dúin
Duais COGG €2,000 Glór Locha Riach, Co. na Gaillimhe
Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe €1,500 Ros Muc 1916, Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Duais Chomhairle Contae Dhún na nGall €1,500 Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Duais Chló Iar-Chonnacht Dearbhán €1,000 Cumann Forbartha Chois Fharraige, Gaillimh
Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta £1,500stg Glór na Spéiríní, Baile na Scríne, Doire
Duaiseanna Speisialta (Foras na Gaeilge)
Duais Chúigeach do Choistí Deonacha €1,500 an ceann
Cúige Chonnacht – Glór Chluainín, Co. an Liatroim
Cúige Mumhan – Clochán Bhréanainn, Co. Chiarraí
Cúige Laighean – Gaeil Chill Dara
Cúige Uladh & an Iontráil Nua is Fearr €1,000 Cairdeas Eoghain, Co. Thír Eoghain
Duais Aitheantais €1,000 Club na Sionna, Co. an Chláir
GRADAM GHLÓR NA nGAEL Séamus Mac Géidigh
Comórtas CLG
Duais Chúige Mumhan €500 CLG na Gaeltachta, Baile na nGall, Ciarraí
Duais Chúige Laighean €500 CLG Chaisleán Cnucha, Caisleán Cnucha, BÁC
Duais Chúige Uladh €500 CLG na Sáirséalaigh, Cill Laobháin, Muineachán
Duais Chúige Chonnacht €500 Na Piarsaigh, Ros Muc, Gaillimh
Buaiteoir Náisiúnta €1,000 Na Piarsaigh, Ros Muc
Liosta na dTorthaí do Chomórtas 2016
Coistí le Daonra faoi bhun 4,000
1ú Duais €4,000 Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire
2ú Duais €3,000 Bóirche Íochtar, Co. an Dúin
3ú Duais €2,000 Glór Uachtar Tíre, Co. an Dúin
Coistí le Daonra ó 4,000 – 20,000
1ú Duais €4,000 Glór na Móna, Béal Feirste
2ú Duais €3,000 Cairde Teo, Ard Mhacha
3ú Duais €2,000 Pobal ar a’n Iúl, an Ómaigh, Co. Thír Eoghain
Coistí le Daonra 20,000 +
1ú Duais €4,000 Glór Cheatharlach
2ú Duais €3,000 Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste
3ú Duais €2,000 Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste
Coistí Gaeltachta (Urraithe ag Údarás na Gaeltachta)
1ú Duais €4,000 Cumann Forbartha Chois Fharraige, Gaillimh
2ú Duais €3,000 Comharchumann Mhic Dara, an Cheathrú Rua, Gaillimh
3ú Duais €2,000 Comhlacht Forbartha na nDéise, Port Láirge